Labhair Ailís Ní Chonchúir le hEdel Ní Loibhéad ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina cuid oibre ag teagasc ióga. 

Múinteoir ióga í Ailís atá lonnaithe i gCorca Dhuibhne agus í ag teagasc ar an trá agus in áiteanna difriúla. Cé nach raibh deis ag Ailís a bheith ag obair le linn dianghlasála ach tá sí fealsúnach maidir le hairgead, 'tagann airgead agus imíonn airgead'.

'Ba cheart go mbeadh analú, meditation agus ióga ar an gcuraclam', a deir Ailís, rud a chabhródh go mór le leanaí dul i ngleic leis an saol. Baineann analú boilg cuid den strus den saol, a deir sí, rud nach bhfuil 'fhios ag mórán daoine. 

Cuireann ióga leis an saol iomlán, idir corp, anam agus croí, a deir Ailís. Ní gá go mbeadh taithí ag daoine agus iad ag tosú leis an gcleachtas seo ach molann Ailís go mór é le deileáil leis an saol crua a bhfuil muid ag maireachtáil ann.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00