Beidh éisteoirí dílse Bhladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta sásta go bhfuil láithreoir Áine Ní Bhreisleáin agus a léiritheoir Damien Ó Dónaill ar ais ar an aer Déardaoin seo chugainn, ar a 3.  Labhair muid le hÁine faoin gclár a thabhairt ó neart go neart!

Tá Bladhaire ag filleadh tar éis an tsamhraidh, cad a chloisfidh na héisteoirí sa dara sraith den chlár?

Tá mé féin agus Damien Ó Dónaill, léiritheoir Bhladhaire ag suil go mór le pilleadh ar ais  ar an aer,agus toiseacht ar shraith a 2 .

Thig le na héisteoirí bheith réidh le scoith an cheoil a chluinstin arís, beo anseo i stiudeó na nDoirí Beaga agus i stiúdeonna eile na tíre, glórtha úra ó fud fad na tíre agus thar lear ag inse á sceálta, béim arís ar chúrsaí timpeallachta, faisean inathbhuanaithe daoine ag cruthú obair úr i ré covid, na deá-scéalta Dé hAoine  agus mír an cheoil ar ais libh agus beidh neart agallaimh shuimiúla againn le aoieanna sa chathaoir, chomh maith le cupla rún eile! 

Dár ndóigh, tá an saol mór athraithe agus tá tionchar ag na hathruithe sin ar chláracha siamsaíochta cosúil le Bladhaire, an gá daoibh a bheith samhlaíoch anois agus sibh ag pleanáil an chláir?! 

Tá sé cúpla mí ó bhí muid sa stiudeó cinnte, agus tús an Mharta ó bhí muid amuigh ar an bhóthar leis an chlár nuair a chuaigh muid go hArd Mhacha, mar sin, ba dheas linn más féidir cúpla rud a phleanáil go sábháilte amuigh taobh amuigh áit inteacht amach anseo, ach tá pleanáil i gceist anois le teora ar líon ceoltóirí agus aoieanna. Aireoidh muid uainn na seónna beo le slua mar tá fuineamh ar leith a fhaigheann tú as scaifte a bheith romhat!

Clár na Nollag ó Chúinne an Phíobaire

An bhfuil aon ní foghlamtha agat ón gcéad sraith a bheidh á chur i bhfeidhm agat an séasúr seo? 

Go leor! Tá na meáin shóisialta lárnach agus fíorthábhachtach dúinn ar Bhladhaire agus fuair muid go leor moltaí agus aiseolas uaidh leantóirí ansin le bliain, mar sin leanfaidh muid orainn ag forbairt ardáin Bhladaire ar facebook, Twitter agus Instagram. 

Is maith le daoine meascán den ghreann, siamsaíocht agus rudaí as an ghnáth, mar sin leanfaidh muid le sin .

 Tá réamhphleanáil níos tábhachtaí anois ná mar a bhí riamh, le am a thabhairt d'aoieanna theacht chugainn más féidir ar bhealach atá sábháilte agus le socruithe taifid a dhéanamh i ré Covid19 . 

Beidh Bladhaire ar ais ar an aer Déardaoin seo chugainn, 17 Meán Fómhair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir a 3 agus a 5.