Labhair Síle Ní Dheargáin atá ag súil lena dara leanbh faoi láthair agus athair nua, Cormac Mac an tSíthigh le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi na hathruithe atá i bhfeidhm maidir le coinní óspidéil de dheasca an Covid.

Tá feachtas ar bun maidir leis an rialacha atá leagtha síos maidir le céile na máthar gan a bheith in ann freastal ar choinní chomh maith leis tréimhse ghairid atá ceadaithe nuair a saolaítear an leanbh.

Deir Síle go bhfuil sé dúshlánach mar go bhfuil a chéile ag cailliúnt amach ar na nithe deasa, ar nós an chroí ag bualadh don chéad uair. Níl ranganna ullmhúcháin ar bith ann anois, áit a bhuaileann daoine le chéile, daoine a d'fhéadfadh a bheith ina gcairde. Tá buntáistí áirithe ann, a deir Síle, tá an próiséas i bhfad níos eagraithe ná mar a bhí nuair a bhí sí ag súil lena céad leanbh agus tá spás ann don mháthair. 

Nuair a thiocfaidh an leanbh ar an saol, beidh cead ag Seán a bheith i láthair agus ar feadh uair a chloig ach ansin, ní bheidh cead aige filleadh ar an ospidéal go dtí go mbeidh siad ag imeacht abhaile.

Labhair Cormac Mac a tSíthigh faoina thaithí siúd, mar athair nua; saolaíodh iníon, Nell, do fhéin is a bhean Brenda mí ó shoin, agus bhí na srianta i bhfeidhm ag an am. Ní raibh sé ábalta fanacht sa bharda lena bhean ach cúpla uair a chloig ach a saolaíodh Nell.

Bhí sé i láthair don saolú agus ar feadh dhá uair a chloig ina dhiaidh san ach chaith sé dul abhaile ansan agus fanacht mar a raibh aige nó go dtánadar abhaile tar éis 3 lá. 

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08 agus 1.00.