Fógraíodh torthaí tuartha na hArdteiste inné agus labhair Fachtna Ó Drisceoil ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le triúr daltaí faoina dtuairimí chomh maith le príomhoidí agus Ollamh san Oideachas.

Fuair 60,000 daltaí a gcuid torthaí. Deir Cathal Ó Duibhir Baoill, dalta de chuid Choláiste Eoin go raibh sé sásta go raibh 'a dhóthain pointí tuillte aige' chun tabhairt faoi chéim san Innealltóireacht in UCD. Maidir leis an mbuairt a bhí air roimh na torthaí, dúirt sé go raibh cinneadh déanta aige féin agus a chairde gan labhairt faoi an iomarca.

Deir Toirdealbhach Ó Lionáird, Príomhoide Choláiste Ghobnatan i nGaeltacht Mhúscraí go bhfuil gach cás difriúil ach ar an iomlán, go raibh formhór na ndaltaí sásta leis an socrú a rinneadh ach go raibh sé dúshlánach ar mhúinteoirí.

An tOllamh Damian Murchan, Ceann Scoile i Scoil an Oideachais i gColáiste na Tríonóide go raibh sé buíoch do mhúinteoirí agus an Roinn Oideachais a shocraigh na fadhbanna agus dúirt sé go raibh sé sásta leis an gcinneadh a rinneadh maidir le torthaí tuartha.

Craoltar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine óna 5, tráthnóna.