Inniu a fógraíodh gearrliosta do na hIMROs, gradaim mhóra an raidió in Éirinn agus d'éirigh go maith le RTÉ Raidió na Gaeltachta iontu!

I measc na n-ainmiúchán a fuair an stáisiún, tá an clár a craoladh ó Ghradaim Nós i mí Eanáir na bliana seo a chur Sinéad Ní Uallacháin agus Marcus Mac Conghail i láthair agus a léirigh Treasa Bhreathnach.

agus dhá ainmniúchán Ultach sa Rannóg Craoltóireacht le Gaeilge; Ár bPéire le Dónall Mac Ruairí agus Bladhaire á láithriú ag Áine Ní Bhreisleáin agus á léiriú ag Damien Ó Dónaill.