Beidh fáil ar An Taobh Tuathail Volume 9, seinnliosta den cheol is fearr ón gclár raidió le Cian Ó Cíobháin, ar Spotify ó 9 Meán Fómhair. 

Thosaigh Cian Ó Cíobháin ar na bailiúcháin cheoil seo a chur i dtoll a chéile sa bhliain 2007, agus é mar aidhm aige eolas a scaipeadh faoin rogha ceoil a bhíonn le cloisteáil ar a chlár An Taobh Tuathail ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus ardán a thabhairt do na ceoltóirí is fearr atá ag treabhadh an ghoirt sa cheol ailtéarnach in Éirinn agus ar fud an domhain. 

Tá thart ar 120 rian sa bhailiúchán is deireanaí seo, os cionn deich n-uair an chloig de cheol.  

Ar chuid de na ceoltóirí Éireannacha atá air, tá Elma Orkestra, A Lilac Decline, Art Of Algebra, Muireann Nic Amhlaoibh, Elaine Howley, Natalia Beylis, Aoife Nessa Francis, Maria Somerville, Rachael Lavelle, Mark Waldron-Hyden, Sunken Foal, Brigid Mae Power, Kelan Galligan, David Kitt agus Mount Alaska.

Tá go leor ceoltóirí idirnáisiúnta freisin le cloisteáil ar an seinnliosta, ina measc Peter Gordon, Carla dal Forno, Yves Tumor, Mica Levi, Lanark Artefax, Squarepusher, Oliver Coates, Floating di Morel, Sarah Davachi, Umberto, Mary Lattimore, The Books, Bjarki, Laurence Pike agus Craven Faults. 

Dé Máirt 8 Meán Fómhair, beidh Cian ag tabhairt blaiseadh do na héisteoirí den cheol atá roghnaithe aige don seinnliosta ar an gclár An Taobh Tuathail ó 10 pm go meánoíche, agus beidh fáil air ar Spotify ón gcéad lá eile, Dé Céadaoin 9 Meán Fómhair. 

Deir Cian: 

"Cé go bhfuil breis is scór blianta caite agam ag craoladh le RTÉ RnaG, braithim gurb iad an sé mhí deireanacha an tréimhse is tábhachtaí acu ar fad.Nuair nach raibh aon deis ag daoine teacht le chéile go poiblí chun sásamh a bhaint as ceol agus comhluadar a chéile, bhí an clár ar cheann de háiteanna deireanacha a bhí, agus atá, fós 'ar oscailt' a d'fhéadfadh iad a thabhairt le chéile. Tá mórán de na rianta atá le clos ar an seinnliosta seo á gcasadh agam ó tháinig an dianghlasáil i bhfeidhm, agus cuirfidh siad an tréimhse seo i gcuimhne dom go brách."

Bíonn An Taobh Tuathail le cloisteáil ón 10 pm go meánoíche ó Luan go hAoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

Beidh an nasc don seinnliosta le fáil ar ardáin Chian ar na meáin shóisialta ó mhaidin Dé Céadaoin 9 Meán Fómhair @antaobhtuathail ar Twitter agus @cianociobhain ar Facebook agus Instagram.