Labhair Freda Nic Giolla Chatháin le Pádraig Ó Sé ar Chomhrá an Tráthnóna faoina saol agus a saothar go dtí seo. Agallamh dearfach, cumhachtach a ardóidh do chroí le bean láidir, lách.

Is as contae na hIarmhí ach a bhfuil cónaí uirthi i gCathair na Mart í Freda ach deir sí go bhfuil an-chion agam ar Chorca Dhuibhne. Ceoltóir í Freda agus deir sí go bhfuil sé 'an-aisteach' nach bhfuil deis ceol a chasadh sna tithe tabhairne, mar a bhíonn go hiondúil.

Deir Freda go bhfuil sé dúshlánach ar cheoltóirí a bheith ag cruthú le linn na paindéime mar, mar a dúirt Johnny Óg Connolly mar go bhfuil siad faoi bhrú, cosúil le gach duine eile. Cé gur cláirseoir í Freda, admhaíonn sí nach ceoltóir aonair í agus dá réir, nár chas sí ceol le fada.

Agus í ag caint ar an taisteal atá déanta ag Freda agus an áit a bhfuil cónaí uirthi, deir sí go bhfuil tarraingt speisialta ag an bhfarraige di. Labhair Freda faoin dá rud a chothaíonn í, an ceol agus an fharraige agus deir sí nach bhféadfadh sí bogadh abhaile mar gheall nach mbeadh an deis aici 'léimt isteach sa bhfarraige'. Tá ceangail speisialta idir ceoltóirí, rud a leagann ballaí na haoise, a deir Freda agus is cuma má tá tú seacht mbliana déag nó seachtó, is féidir leat cairde a chothú i saol an cheoil.


Pádraig Ó Se

D'athraigh saol na teaghlaigh ar fad nuair a cailleadh máthair Freda ceithre bliana ó sin. 'Sise a choinnigh an baile ag imeacht', mar a dhéanann an-chuid máithreacha Éireannacha, a deir Freda. 

Fostaíodh Freda mar Oifigeach Gaeilge do Ghaillimh 2020 agus dár ndóigh, tá an plean sin athraithe cuid mhór mar gheall ar an bpaindéim. Deir Freda go raibh cinneadh le déanamh aici  agus í ag tabhairt faoin bpost, a bheith diúltach faoin bhFéile nó 'a gualainn ar chur leis an roth', rud a rinne sí, go fonnmhar. 

Ag caint ar ghualainn a chur le roth, bhí meon mar sin ag Freda nuair a fuair sí amach go raibh ailse uirthi. Bhi comhluadar agus tacaíocht iontach ag Freda le linn na tréimhse seo, a deir sí. Ag féachaint siar ar an tréimhse sin, deir sí nach gceapann sí go raibh mí-ádh uirthi mar go raibh grá agus tacaíocht ar fáil di lena linn.


Craoltar Comhrá an Tráthnóna ar an gCéadaoin idir 16.10 agus 17.00 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta