Cuirfear tús le sceideal an fhómhair ar RTÉ Raidió na nGaeltachta ar 7 Meán Fómhair, agus ar chuid de na cláracha nua a bheas le cloisteáil, beidh eagrán sa bhreis den tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra, agus sraitheanna nua d'Ardtráthnóna, de Shruth na Maoile, de Bhladhaire agus de Chartlann Bhóthar na Léinsí. 

Ar cheann de na hathruithe móra ag an deireadh seachtaine i sceideal an fhómhair, beidh eagrán sa bhreis den chlár polaitíochta agus cúrsaí reatha An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra le cloisteáil maidin Dé Sathairn ag 11 am feasta, ag tosú ar 12 Meán Fómhair.Bíonn plé painéil i gceist le heagrán an Domhnaigh den chlár, ach tá sé i gceist go mbeidh clár an tSathairn níos ré-chúisí.

Beidh agallamh mór ag tús an chláir, agus míreanna rialta spóirt agus staire, i measc nithe eile, agus coinneofar súil ghéar ar na scéalta reatha freisin, gach cor i bhfeachtas toghchán na huachtaránachta i Meiriceá san áireamh.

Beidh an-áthas ar na héisteoirí go mbeidh Máirtín Tom Sheáinín ar ais sa chathaoir le sraith nua d’Ardtráthnóna ó Luan go Céadaoin, an tsraith dheireanach ar an drochuair, mar go mbeidh Máirtín ag éirí as i mí na Samhna. Beidh sé ar ais ar an stiúir Dé Domhnaigh freisin don chlár iarratais Togha agus Rogha.

Bronnadh an duais don chlár ceoil raidió is fearr ar an tsraith Sruth na Maoile ag Féile na Meán Ceilteach i mí an Mheithimh don choirm mhór a craoladh anuraidh chun 25 bliain an chláir a cheiliúradh, agus beidh Seán Ó hÉanaigh agus Mairi Anna ar ais le sraith úrnua ó 10 Meán Fómhair.

B’éigean an taifead a dhéanamh agus na láithreoirí na mílte óna chéile, Seán i gConamara agus Mairi Anna in Ardchríocha na hAlban, ach d’éirigh leo, a bhuíochas leis an teicneolaíocht.Is é an chuid is fearr de cheol tíre agus traidisiúnta na hÉireann agus na hAlbain a bhíonn le cloisteáil ar an gclár, comhchraoladh le BBC Radio nan Gàidheal, agus tá sé ar an gcomhléiriú Ceilteach is fad-bhunaithe ar domhan! 

Sruth na Maoile

Ar cheann de na cláracha eile a thug leo gradam ag Féile na Meán Ceilteach, bhí Bladhaire, a bhuaigh an duais don chlár irise raidió is fearr agus gan iad ar an aer ach le bliain.Beidh Bladhaire ar ais don dara shéasúr den chlár bríomhar seo a mbíonn idir throm agus éadrom le cloisteáil air i sceideal an fhómhair. Beidh agallaimh, ceol beo, míreanna rialta faoi chúrsaí siamsaíochta agus bia, agus neart eile, ag Áine Ni Bhreisleáin agus an fhoireann dúinn gach Déardaoin agus Aoine ag 3 pm. 

Bhíodh an-tóir ag muintir an deiscirt, go háirithe, ar an gclár Cartlann Bhóthar na Léinsí, agus beidh sraith nua den chlár seo ag Dáithí de Mórdha dúinn gach maidin Domhnaigh ag 9.30 am, ag tosú ar 13 Meán Fómhair. Beidh scéalta agus seanchas, amhráin agus ceol, stair agus sochaí na Gaeltachta le cloisteáil ar an gclár. Is eitneolaí é Dáithí, a rinne staidéar dochtúireachta ar an gcaidreamh a bhí ag pobail na Gaeltachta leis an tseirbhís raidió, agus tá an-áthas air a bheith i mbun an chláir. 

Deir sé: "Tá ana-sheans linn sa Ghaeltacht go bhfuil ceann de na cartlanna fuaime is mó agus is saibhre ar domhain againn, sin cartlann RnaG, agus ba mhór an trua an chartlann sin a fhágaint balbh.Ba bhreá liom dá mbeadh na héisteoirí i dteagmháil liom dá mba rud é gur mhaith leo éisteacht le duine, le clár, nó le hábhar ar leith ó Chartlann Bhóthar na Léinsí – má tá, raghad ag cuardach!" 

Dáithí de Mordha

Beidh an tsraith Cuideachta Ceoil le hEibhlín de Bhailís le cloisteáil gach maidin ó Luan go hAoine ag 10.15 am, agus tá Eibhlín ag súil go mór le tús a chur leis an tsraith. 

"Tá mé ag súil go mór leis. Braithim gur briseadh nó sos a bheas sa gclár ó scéalta móra an lae agus tá súil agam freastal ar phobal éisteachta iomlán Raidió na Gaeltachta ó cheann ceann na tíre.  Beidh idir cheol meidhreach agus suaimhneach le cloisteáil ar an gclár, idir cheol traidisiúnta, cajun, clasaiceach, ceol tíre agus seoda ón gcartlann ar ndóigh." 

 Ó na tuairiscí atá faighte ag RTÉ Raidió na Gaeltachta, tá éisteoirí ag baint an-taitneamh as na hathchraoltaí de Bhaile an Droichid agus Leagan Cainte atá le cloisteáil le roinnt míonna anuas, agus leanfar leo seo gach Déardaoin sa sceideal nua.Beidh Baile an Droichid le cloisteáil ag 2.05 pm, agus Leagan Cainte ansin ag 2.30 pm.

Tá an spórt beo ar ais ó dheireadh mhí Iúil, agus tá meitheal spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta ar a gcroídhícheall ag iarraidh eolas a choinneáil leis na héisteoirí.B’éigean sceideal na gcluichí a chur siar mar gheall ar chúrsaí COVID, mar sin beidh go leor cluichí le n-imirt as seo go ceann roinnt míonna.Beidh clúdach cuimsitheach le cloisteáil ar chláracha spóirt an stáisiúin gach deireadh seachtaine, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh ó 2 pm, agus Reacaireacht an Tráthnóna gach Satharn ó 7 pm.Beidh na tuairiscí spóirt ar ais ina n-iomláine i gcaitheamh na seachtaine chomh maith. 

Maidir leis na healaíona de, beidh an clár An Cúinne Dána fós le cloisteáil gach maidin Sathairn, ach go bhfuil an t-am athraithe ar ais go 10.30 am arís.

Beidh Tristan Rosenstock sa chathaoir gach seachtain, agus súil aige ar na himeachtaí uilig atá ag tarlú ar fud na tíre, na foilseacháin nua, na tograí is spéisiúla, agus aon nuacht eile i ndomhan na n-ealaíon. 

Tristan Rosenstock

Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta 

"Is bliain dúshlánach a bhí i 2020 go dtí seo do chraoltóirí ar fud an domhain, ach mar sin féin tá sceideal láidir pleanáilte againn don fómhar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.Tá muid ag cur leis na cláracha beo ag an deireadh seachtaine le heagrán sa bhreis den tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra a bheidh ar an Satharn agus Domhnach anois, clár a bhfuil an-tóir air.Beidh Bladhaire agus Sruth na Maoile ar ais agus duaiseanna idirnáisiúnta bronnta ar an dá chlár ó bhí siad ar an aer go deireanach.Beidh muid ag tarraingt ón stór luachmhar cartlainne atá againn le sraith nua de Chartlann Bhóthar na Léinsí agus le tuilleadh ón dráma raidió Baile an Droichid, agus beidh an-fháilte ag éisteoirí roimh Mháirtín Tom Sheáinín ar ais ar an aer."

Beidh fáil ar na cláracha ar fad ar an RTÉ Radio Player, agus ar an suíomh idirlín ag rte.ie/rnag.