Beidh sraith nua de Cúla4 ar Scoil ar ais ar TG4 ag deireadh na míosa ag tosú ar an Luan 31 Lúnasa ag 10am.  Is í Orla Ní Fhinneadha a bheidh á chur i láthair an uair seo

Beidh cúigear múinteoirí Micheál Ó Dubhghaill, Caitríona Ní Chualáin, Joe Ó hEachtairn, Síle Ní Chonghaile agus Caitríona McAtee léi ag amanta difrúla sa tsraith nua. Beidh téama coicíse ann don dara sraith. Sa chéad choicís, is ag díriú ar théama "An Scoil" a bheidh Cúla4 ar Scoil. 

Beidh na múinteoirí ag cabhrú le tuismitheoirí agus páistí socrú ar ais ar scoil agus dul i ngleic leis na hathruithe, na nósanna agus na modhanna oibre nua a bheidh i bhfeidhm.  Féachfaidh an Múinteoir Micheál Ó Dubhghaill ar athrú agus leanúnachas thar na blianta sna scoileanna in Éirinn.  Beidh blaiseadh den leabhar 'An Múinteoir Nua' le hÁine Ní Ghlinn agus taispeánfar dúinn conas rialacha ranga a chur i láthair.  Spreagfar na gasúir chun spriocanna don scoilbhliain nua a roghnú agus a scríobh, agus bainfidh an ceacht ealaíne leas as seandlúthdhioscaí chun prionta a dhéanamh.   

Cuirfidh Múinteoir Orla Ní Fhinneadha saintéarmaíocht na scoile i láthair do na bunranganna, lena n-áirítear trealamh sa mhála scoile agus troscán sa seomra ranga.  Léifidh sí scéal dúinn dár teideal ‘Ná Gabh ar Scoil’ agus fiosróidh sí cén trealamh scoile atá maighnéadach nó neamhmaighnéadach. 

Tosaíonn Cúla4 ar Scoil ar TG4 ar an Luan, 31 Lúnasa ar 10 ar maidin.