Labhair Rachel Holstead, Ealaíon na Gaeltachta le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas faoin deontas €250,000 atá faighte ag Ealaíon na Gaeltachta le déanaí. 

Deir Rachel Holstead go bhfuil súil aici go ndáilfear €200,000 do seo ar ealaíontóirí. Bíonn airgead gann i réimse na healaíne go minic ach deir Rachel gurb gur bhuail an phaindéim domhanda ealaíontóirí go han-trom agus go bhfuiltear fós ag streachailt le cén chaoi le dul i ngleic leis na dúshláin atá rompu.

Dár ndóigh, leis an airgead seo a fháil tá próiséas ann d'ealaíontóirí chun cur isteach ar an tacaíocht. Is gá dóibh a chur in iúl conas a chuirfeadh an t-am a cheannófá chun leasa a gcleachtas ealaíne.

Tá uasmhéid de sé mhíle ar fáil do gach ealaíontóir agus cé go n-admhaíonn Rachel nach leor sin, deir sí do roinnt ealaíontóirí, sin an méid is mó a gheobhaidh siad i mbliana.

Craoltar An Saol Ó Dheas ón Luan go hAoine idir 12.08 agus 1.00 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta