Labhair Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ard Fheidhmeannach Ghaeloideachas  ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin tionchar a bheas ag plean an rialtais leis na scoileanna a oscailt arís, ar scoileanna Gaeltachta agus ar Ghaelscoileanna.

Deir Bláthnaid le Máirín Ní Ghadhra gur mó ceisteanna ná freagraí atá ann leis na socrúcháin atá eisithe ag an rialtas maidir le hathoscailt na scoileanna. 

Ag caint ar an dúshláin a aithníonn Ní Ghréacháin, deir sí go bhfuil sí in amhras maidir leis an gcumas atá san earnáil dul i ngleic leis an líon múinteoirí a bheidh ag teastáil mar bhíonn múinteoirí tinn agus an scaradh sóisialta i bhfeidhm. Mar go bhfuil solúbthacht luaite maidir le cáilíochtaí na múinteoirí, tá imní faoi chaighdeán Gaeilge na múinteoirí seo, a deir Bláthnaid.

Feictear do Bhláthnaid nach scaradh sóisialta amháin atá i bhfeidhm anois ach scaradh ón nGaeilge freisin le sé mhí anuas ó dhún na scoileanna agus go mbeidh breis ama ag teastáil san ábhar sin nó dianthumadh, dá réir.

Admhaíonn Bláthnaid gurb é sláinte agus sábháilteachta na bpáistí agus na múinteoirí araon an chloch is mó ar pháidrín gach duine, deir sí go mbeidh gá le dul i ngleic leis an nGaeilge mar theanga teagaisc má leanann na deacrachtaí seo ar aghaidh go fadtéarmach.

Craoltar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine óna 8.