Mar chuid de chomóradh 40 bliain ar bhunadh Údarás na Gaeltachta, beidh iar-chomhaltaí, iar-chathaoirligh agus iar-phríomhfheidhmeannaigh de chuid na heagraíochta faoi agallamh ag Máirín Ní Ghadhra.

Labhair T.P Ó Conchúir as Corca Dhuibhne le Máirín Ní Ghadhra faoin gcúpla punt a fuair siad as an nGaeilge a labhairt agus iad óg go dtí an tréimhse a chaith sé ar bhord Údarás na Gaeltachta sa bhliain 1979. 

Deir sé go bhféadfaí níos mó a dhéanamh san Údarás dá mbeadh cumhachtaí níos mó ag an eagraíocht maidir le pleanáil agus iascaireacht agus mar sin de.

Admhaíonn Ó Conchúir nach bhfuil aon locht aige ar an Údarás nó ar obair an Údaráis ach go raibh fadhbanna 'sa phlean, an chéad lá' nach bhféadfadh an tÚdarás a shárú.

Éist leis an gclár Glórtha an Údaráis ar RTÉ Raidió na Gaeltachta maidin Domhnaigh 10-11.