Labhair Malachaí Mac Amhlaoibh le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi scoil Dhún Chaoin faoi oidhreacht, staid na reatha agus todhchaí na scoile.

Tá stair cháiliúil ag an scoil bheag seo ar imeall na hEorpa toisc go raibh an baol ann go ndúnfaí an scoil go buan thiar in 1970 mar gheall ar an líon beag daltaí a bhí ag freastal uirthi. Tháinig an pobal áitiúil le chéile ag gníomh ar a son chomh maith le pobail eile timpeall na tíre agus d'éirigh leo an scoil a choinneáil oscailte agus tá sí breá sláintiúil anois, mar a luaigh Mac Amhlaoibh.

Dún Chaoin

Tá beirt mhúinteoirí anois ag obair sa scoil agus iad ag roinnt ranganna eatarthu le beagnach daichead páiste sa scoil.

Dár ndóigh, níl fhios ag an bpríomhoide cad é go díreach a tharlóidh i Meán Fómhair ach tá sé ag súil le filleadh ar an scoil i gceann cúig seachtaine. Deir Malachaí go bhfuil an Ghaeilge an-saibhir sa scoil, agus go bhfuil sí acu agus iad ag teacht ar scoil agus go bhfuil béim faoi leith ar phiarfhoghlaim, ní hamháin ó thaobh churaclam ach le traidisiún agus oidhreacht freisin.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00