Beidh an clár deireneach den tsraith seo de Malairt Poirt le Muireann ar an Déardaoin beag seo an 18ú Meitheamh. Pléisiúr agus pribhléid ab ea é ceol a roghnú daoibh le linn an ama seo agus tá súil agam gur bhfuaireabhair faoiseamh éigint uaidh.

Ar chlár na seachtaine seo, beidh ceol ó gach cúinne den domhain agus ó Éirinn. Seo amhrán ó bhean óg as Gaoth Dobhair, Emma Ní Fhíoruisce, atá lán de thalainn – is minic a channan sí amhráintí chomhaimseartha atá athruithe go Gaelainn aici agus bíonn siad go haoibhinn ar fad aici ach an uair seo seo í leis an amhrán traidisiúnta an Saighdiúr Tréigthe agus is dóigh liom gur úsáid sí an app Acapella chun cúpla leagan di fhéín a thaifead anuas air a chéíle agus d'oibrigh sé amach go diail ar fad.

Is breá liom cloisint uaibh le bhur moltaí ceoil agus mo bhuíochas le John Bashford as saothar an amhránaí seo a chur fém bhráid – sí seo Sezn Aksu ón dTúirc – an chéad amhránaí bean a chum a ceoil féin is a thaibhigh ar stáitse é . Canann sí amhráin fé fhéiniúlacht agus cothromaíocht don gcinne daonna. Seo í leis an amhrám Begonvil –bláth a fhásann sa Tuirc, agus is amhrán grá é seo óna halbam Demo a tháínig amach i 2018.

Beidh roinnt ceoil ón Aifric agam, in measc Imarhan – grúpa óg ón tradisiún Toarag ón bhfásach Sahara atá ag déanamh rudaí suimiúla lena bhfuaim, ag meascadh stíl tradisiúnta le snagcheoil agus funk agus chualamar ansin an rian Idarchan Net óna gcéad albam Imarhan a tháing amach i 2016.

É sin agus mórán eile, bí liom don clár deireaneach ar feadh tamaillín do Malairt Poirt le Muireann, oíche Shathairn óna 7-9pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.