Ar Malairt Poirt na seachtaine seo beidh cumadóirí fuaimrianta á sheimint agam, ina measc Ennio Morricone a cailleadh i rith na seachtaine ag aois 91.  Rugadh i 1928 é sa Róimh, agus tógadh is gclann ceolmhar é, ba sheinnteoir trumpéid a athair.

Le linn a shaol do chum sé ós cionn 400 fuaimrian agus céad piosa claiseacach ina measc ceol dos na scannáin Once Upon a Time in the West, The Mission agus Cinema Pardiso. Seo ceann des na piosaí is mó cáil orthu uaidh, ón Scannán The Good, The Bad an the Ugly a eisíodh i 1967, seo  The Ecstasy of Gold.

Beidh aghaidh á thabhairt agam ar cheol na tíortha Lochlannacha – An tSualainn, An Iorua agus an Fhionnlann. Seo Triakel ón tSualainn, leis an amhrán Dun Gamla Du Fria –– amhrán traidisúnta atá go minic úsáidte mar amhrán Naisiúnta na Sualainne agus a thaifead Triakel le déanaí chun dóchas a spreagadh i muintir na Sualainne le linn na géarchéíme seo. Amhrán é seo a théann siar go dtí na meánaoiseanna agus a chiallaíonn "Tá tú arsa agus tá'n tú saor"

Beidh cúpla rian á sheimint agam de shaothar Shaun Davey – ina measc ceol ón albam Béal Tuinne a thaifeadach i Sáipéal Naomh Shéamuis sa Daingean ag úsaid focail an fhile Duibhneach Caoimhín Ó Cinnéide. Beidh an rian seo leis agam ón dtogra The Pilgrim. Seo amhrán atá á fhoghlam agam fé láthair agus atá á chanadh go binn anso ag Rita Connolly. Seo A' Ghrian – seana phaidir ó Oileán Bharra in Alban – agus é seo tógtha ón albam The Pilgrim bunaithe ar aistir Naomh Cholm Cille a thaifeadach beo ag féile ceoil Lorient i 1983. Seo leagan beo ón Stade de France i 2002.

É sin agu mórán eile ar Malairt Poirt le Muireann, oíche Shathairn óna 7-9pm ar RTÉ Raidió na Gaeltacha.