Ar Malairt Poirt na seachtaine seo beidh turas domanda ceolmhar againn – le ceol ón Phoirtingéal, ón Spáinn agus ó Mheicsiceó maraon le ceol nuachumtha agus traidisiúnta.

Seo amhrán ó Triúr ban ó thrí thír difriúil - Lila Downs  ó Mheicsico, Nina Pastori amhránaí Flamenco ón Spáinn, agus Soledad Pastorutti ón Argeintín – trúir ban a bhfuil ana cháíl ar fad orthu ina dtíortha fhéín, agus a bhfuil mórán Latin Grammy's faighte acu. Raiz is ainm don albam agus seo an t-amhrán La Raiz de Mi Tierra. Is breá liom tograí mar sin a nascann cultúr, agus scéalta is stair na ndaoine.

Beidh amhránaíocht ón dtraidisiún Fadó ón bPoirtingéil againn chomh maith. Stíl a bhfuil cáil air de bharr na mothúcháínn oll-mhór a chuireann siad san amhránaíocht. Seo an t-amhránaí Mariza atá tar éís seinimt cúpla babhta in Éirinn – chonac fhéín don gcéad uair í a Féil Ceoil Cambridge i Sasana roinnt blianta ó shin agus bhí an slua fé dhraíocht aici.

Beidh ceol nuachumtha agam ón dís Albanach Charlie Grey agus Joe Peach ón dtogra  Air Iomall s bhí inar a eisiódh scannán agus sraith de cheol nua,  spreagadh ag turas a thugadar ar bord na loinge arda Wylde Swan chuig roinnt oileán nach bhfuil daoine ina gcónaí iontu a thuilleadh go domhain san Atlantach Thuaidh. Bhi an chéad léiriú den cheol nua seo ar Hiort - an áit is iargúlta den Albain, ar chomóradh 88 bliain aslonnú a dhaonra dúchais.

É sin agus mórán eile ar Malairt Poirt le Muireann, bí liom oíche Shathairn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta óna 7-9pm.