Labhair an fuirseoir, Julie Nic Eoin, nó Julie Jay mar is fearr aithne uirthi le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi shaol an bhanfhuirseora chomh maith leis an ról nua a bhéas aici go luath, mar mháthair.

Tá Julie agus a chéile, Fred ag súil le leanbh go luath agus iad beirt ar bís. Admhaíonn Julie go bhfuil a greann athraithe beagáinín mar go bhfuil sí ag súil le páiste.

Tá dialann toirchis á choinneáil ag Julie agus deir sí gur chabhraigh sin léi ábhar grinn a chumadh timpeall ar leanbh a thabhairt ar an saol.

Baineann Julie le pobal an ghrinn agus deir sí go bhfuil deacrachtaí móra go fóill sa saol sin do bhean. Labhair sí faoin ábhar seo go minic roimhe seo ar An Saol Ó Dheas. Tugann sí faoi deara má cheadaítear rudaí beaga ansin go ligtear ansin le rudaí níos mó i gcoinne na mban, rud atá léirithe ar na meáin shóisialta le tamaill anuas. I measc na nithe a tharlaíonn do Julie ná daoine ag tabhairt comhairle di nach bhfuil uaithi agus an tost a thagann nuair a shiúlann sí isteach sa seomra ina bhfuil an seomra sin lán fear.

Helen Ní Shé

Ní raibh ionadh ar Julie maidir leis na líomhaintí atá tagtha amach mar gheall ar phobal an ghrinn le tamaill anuas agus deir sí go bhfuil an gnéasachas go mór i bhfeidhm sa saol sin ar shlite éagsúla.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08 agus 1.00 ón Luan go hAoine.