Mar chuid den chlár áiltéarnach ceoil, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, An Taobh Tuathail, tá Cian Ó Cíobháin ag díriú ar leaganacha eile, clúdaigh ceoil.

Tá obair seachtaine i gceist le seo agus chuige sin, tá an tseachtain ar fad tugtha ag Cian leis na cinn is ansa leis féin agus dár ndóigh, lena gcuid éisteoirí a roghnú agus a chasadh.

Craoltar An Taobh Tuathail ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 22.00 agus meánoíche ón Luan go hAoine.