Labhair Edel Ní Churraoin le Cormac Ó hEadhra ar Nuacht a hAon ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi eachtra a tharla di agus í ina déagóir, rud a nochtaigh sí ar na meáin shóisialta le déanaí.

Deir Edel go raibh sí timpeall ar cúig bliana déag nuair a tharla an t-eachtra seo nuair a bhrú duine a cuid lámha síos brístí fhear a bhí i bhfad níos sine ná í ag féile ceoil. Níor thuig Edel cad é go díreach a bhí tarlaithe go dtí blianta ina dhiaidh sin ach bhraith sí náire ag an am agus rith sí ar siúl le cara léi. 

Tá scéaltaí uafásacha ag teacht amach ar na meáin shóisialta faoi go leor pobal in Éirinn nuair a thagann sé go míúsáid gnéis ach go háirithe do mhná agus d'inis Edel a scéal mar go ndúirt sí go raibh an scéal ag dul thart go raibh eachtraí den chineál seo nua agus ag tarlú in aoisghrúpaí faoi leith ach go bhfuil a mhalairt fíor, go bhfuil amhlaidh ag tarlú do mhná i ngach gné den saol, gach uile lá. 

Deir Edel go raibh daoine timpeall ag gáire faoin rud a tharla, cé go raibh sé chomh huafásach di sin, a bhí óg agus soineanta ag an am. Meabhraíonn Edel dúinn go bhfuil rudaí mar sin fós ag tarlú. 

'Déanann muid 'déithe beaga' do chuid mhór in earnálacha éagsúla agus bíonn faitíos a chraicinn' ar dhaoine labhairt amach dá réir.

Craoltar Nuacht a hAon ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine óna 1p.m