Labhair Tara Nic Giolla Seanáin ar dhuine de na mná atá ag labhairt ar na meáin shóisialta faoi mhí-úsáid gnéis, éigniú agus ciapadh a d'fhulaing siad ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Ceoltóir óg a bhí in Tara nuair a d'ionsaigh ceoltóir fear níos sine í agus deir sí nach bhfuair sí aon tacaíocht ina dhiaidh, cé go raibh fhios ag daoine gur tharla sé. Deir Tara go raibh an saol 'an-deacair orm ar feadh tamaill fada' ach go bhfuil misneach aici anois mar go bhfaca sí daoine eile, ach go háirithe mná ag caint faoina dtaithí ar na meáin shóisialta.

Luaigh Tara an dúshlán a bhaineann le labhairt amach mar chuid de shaol na Gaeilge agus i saol cheol traidisiúnta na hÉireann, deir sí go bhfuil 'an cultúr an-dáinséarach' nuair a thagann sé go daoine a bhfuil 'stádas ard' sna pobail bheaga seo.

Mhol Tara dóibh siúd ar tharla rud mar seo dóibh in aon ghné den saol gan a bheith leo féin leis an taithí ach misneach a fháil labhairt le duine a bhfuil muinín acu astu, 'ná bí ciúin, labhair amach'.

Craoltar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine 8 go 9.