Labhair Bríd Budhlaeir le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin tréimhse a chaith sí gan dul ar cuairt chuig a fear céile atá san ospidéal sa Daingean le seacht mbliana.

Baineadh siar do Bhríd nuair a tháinig scéal faoi Covid-19 ach shíl sí nach mairfeadh an tréimhse ach tuairim is mí agus bhí sé dúshlánach di agus don teaghlach dul i dtaithí ar gan dul ar cuairt chuig Seán, a fear céile atá dall agus nach bhfuil in ann siúl ach oiread. 

Ó shin i leith, deir Bríd go bhfuil siad 'ag treabhadh' leo, agus gur thuig Seán go raibh bac curtha ar chuairteoirí agus go raibh an fhoireann san ospidéal ana-mhaith á mhíniú sin dó.

Níor éirigh le Covid-19 dul isteach chuig ospidéal an Daingin agus thug sin 'ardú croí' do Bhríd mar bhí fhios aici go raibh siad slán istigh ann.

Chabhraigh Ros na Rún agus an aimsir mhaith le Bríd, chomh maith lena creideamh, paidreacha agus aifreann léi. Cé go raibh an tréimhse deacair ach bhí an pobal áitiúil go maith di, deir sí gur minic a thagadh cnag ar an bhfuinneog agus bronntanais fágtha di. 

Deir Bríd go bhfuil sí ag súil go mór lena grá geal a fheiceáil arís go luath, agus cead tugtha anois cuairteoirí a bheith san ospidéal arís eile.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00