Chuala tú trácht ar Sleepless in Seattle, bhuel, seo anois chugat Gean i nGaillimh agus Buairt i mBinn Éadair...8 gclár drámaíochta nua ar líne 5 nóiméad ar fad bunaithe ar thréimhse Covid is ea Le Ceangal, an Zoomcom!

Craolfar an clár ar ardán TG4 do dhaoine óga, BLOC. Beidh an chéad 2 chlár ar fáil ag 1pm an 26 Meitheamh agus gach seachtain ina dhiaidh sin.

Thosaigh Declan (24) atá lonnaithe i nGaillimh agus Aoife (25) as Baile Átha Cliath ag caint lena chéile ar Tinder agus casadh ar a chéile cúig huaire iad. Bhíodar ar tí na ceiste casta a chur ar a chéile 'ar cheart dúinn imeacht de Tinder anois?' nuair a cuireadh faoi dhianghlas iad beirt. In dhá chathair éagsúla. Agus nach tráthúil, ní mar a chéile luas Wifi na beirte. An dtiocfaidh a gcaidreamh atá faoi bhláth slán?

Tá scléaróis iolrach ar athair Aoife mar sin gheall sí nach mbeadh sí i dteannta daoine taobh amuigh dá muintir féin, mar sin, ní fhéadfaidh siad teacht le chéile. Déanann siad a seacht míle dícheall a gcaidreamh a choinneáil ar bharr uisce, ach ní hionann méimeanna Whatsapp, tráth na gceist ar Zoom ná caidreamh collaí ar an bhfón fiú, a bheith i gcomhluadar duine i ndáiríre, nó an ionann?

Eoin Ó Dubhghaill

Is iad léiritheoirí Corp + Anam agus EIPIC a thug leo gradaim IFTA a léirigh Le Ceangal, a taifeadadh an Meitheamh seo i nGaillimh de réir shrianta scartha shóisialta.Dúirt an léiritheoir Paddy Hayes faoin tsraith: "Bhí mé i gcónaí ag iarraidh a bheith ag déanamh amach mar a bheadh lánúin óg ábalta caidreamh a choinneáil ag imeacht agus gan rogha acu ach a bheith coinnithe amach óna chéile le linn ghéarchéim shláinte Covid. Agus anois tá a fhios agam... ní éasca atá sé".

Is é Oisín Mistéil a cheap an tsraith nua ghrinn agus ba é a bhí i mbun a stiúrtha agus is iad Eva-Jane Gaffney i bpáirt Aoife (Can't Cope, Won’t Cope) agus Eoin Ó Dubhghaill i bpáirt Declan (Arracht) na haisteoirí.

Tosnóidh an chéad chlár ar 1pm an 26 Meitheamh agus gach seachtain ina dhiaidh sin ar BLOC, ardán ar líne de chuid TG4.