Anocht ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ag tosú ar a 10, beidh an chéad chóisir tí ag Cian Ó Cíobháin ar An Taobh Tuathail óna theach siúd chuig tithe a gcuid éisteoirí. Roinneann sé na sonraí tábhachtacha a bhaineann le cóisir mhaith a eagrú linn roimhré!

Cén chóisir tí ab fhearr ariamh ar fhreastail tú air?

D'fhéadfainn aon cheann a lua a bhí ag mo ghrágheal ina h-árasán i mBóthar na Trá fadó. Bhí pobal againn a bhailíodh le chéile go minic ag an am agus bhí oícheanta draíochtúla againn le chéile.

Cad é a bhfuil tú ag súil leis ó do lucht éisteachta agus tú i mbun pleanála don chéad chóisir tí?

Táid tar éis a gcuid moltaí is iarrataisí a sheoladh chugham ach - ar an oíche - ba bhreá liom dá mbeadh an clár le clos mar cheolthéama cóisir tí ina dtithe féin agus - má's fonn leo - físéain agus íomhanna a roinnt liom ar na meáin.  Seo linn ag rince.  Ó mo thigh-se go dtí do thigh-se.

Dá mbeadh an deis agat an chóisir tí is fearr a eagrú, cá mbeadh sé lonnaithe agus cén chéad amhrán a gcasfá?

I mo thigh féin agus níl mórán amhráin sa tsaol a chuireann hiúmar ar leith orm ná an ceann seo, ath-mheascán Kon do 'Hooked On You' le Cerrone.  Cas é seo ar dtúis agus bí cinnte go mbeidh oíche againn.

We need your consent to load this YouTube contentWe use YouTube to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Craoltar An Taobh Tuathail ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 22.00 agus meánoíche ón Luan go hAoine.