Ros na Rún, TG4's long running soap is thinking outside the box and asking those who have always wanted to be on the television to send in their efforts for their 25th series.

Más duine fásta, déagóir nó gasúr le Gaeilge tú agus má tá dúshlán nó garim nua á lorg agat, tá sobaldráma Gaeilge TG4 ag tabhairt cuireadh duit d'fhéinfhíseán a chruthú. Cuirfear chuile dhuine san áireamh sa phróiseas éisteachtaí fíorúil nua seo agus tabharfar tuilleadh eolais faoin chéad staid eile sa phróiseas sna seachtainí atá romhainn de réir mar a fhorbraíonn an ordú dianghlasála. 

Bhí an sobaldráma Gaeilge seo mar cheannródaí ar theilifís na hÉireann le 24 séasúr, agus é mar an léiriúchán teilifíse drámaíochta neamhspleách is mó taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath i stair na tíre seo. Bhí an chéad phóg aerach ar theilifís Éireannach ar Ros na Rún, chomh maith le ról Stephen Fry, an chéad uair dó a bheith ar chlár drámaíochta Gaeilge. Roghnaigh Daniel O’ Donnell Ros na Rún dá chéad ról teilifíse chomh maith.

Ní bhíonn faitíos riamh ar Ros na Rún tabhairt faoi scéalta a chuireann béim ar ábhar sóisialta tuaithe na hÉireann, ina measc mí-úsáid leanaí agus drochíde sa teaghlach, corbadh, éigniú agus mí-úsáid drugaí, ach chomh maith dar ndóigh bíonn téamaí níos éadroime; greann, grá, bréaga agus rúin! 

"Dar ndóigh ní raibh súil leis seo le Covid 19 agus bhí an t-ádh dearg le Ros na Rún go raibh ár 82 mír taifeadta againn faoi thús mhí Feabhra. Anois táimid ag breathnú chun cinn ar an 25ú sraith stairiúil sa bhFómhar" a deir an léiritheoir sraithe, Marion Ní Loingsigh. "Tá nuálaíocht na bhféinfhíseáin ar líne á dtabhairt faoi ndeara againn agus tá go leor páirteanna le líonadh againn!"

Comhléiriú isea Ros na Rún idir dhá chomhlacht léiriúcháin teilifíse neamhspleách; EO Teilifís agus Léirithe Thír Eoghain. Tá suas le 160 duine fostaithe ag Ros na Rún, idir chliar, criú agus scríbhneoirí scripte. Déantar taifead ar 82 mír den sobaldráma tuaithe teilifíse go hiomlán as Gaeilge ar an seit teilifíse saintógtha sa Spidéal, sráidbhaile cósta i nGaeltacht Chonamara ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

To be in the hat, agus an deis a thapú éisteacht a dhéanamh don 25ú sraith de sobaldráma TG4, Ros na Rún, seol d’fhéinfhíseán chuig leiriuchain@rosnarun.com roimh 29ú Bealtaine 2020. Téigh chuig www.rosnarun.com nó lean Ros na Rún ar Facebook, Twitter nó Instagram. 

Bí ag faire ar TG4 ag a 8.30in gach Máirt agus Déardaoin nó ar an ollchlár tráthnóna Domhnaigh ag a 7.30in, beidh an séasúr seo ag craoladh go dtí an 11ú Meitheamh 2020. Craoltar sraith 23 do Ros na Rún anois ar RTÉ 1 gach maidin Shathairn ag a 7.50rn.