Labhair Liam, Tadhg agus Séamus Breathnach, trírín as Baile Deasumhan i gCorcaigh, ar an teorainn le Ciarraí, le Helen Ní Shé ar An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus iad ag ceiliúradh 65 bliain ar an saol an tseachtain seo.

Rugadh an triúr ar 19 Bealtaine 1955 in Ospidéal Erinville i gcathair Chorcaí. Bhí beirt acu, Liam agus Tadhg, thart ar dhá phunt go leith meáchain nuair a rugadh iad, ach bhí Séamus 5lb 10 oz, an trírín ba throime san Eoraip ag an am sin!

 "Bhíomar ana dhathúil, bhí an t-ádh linn, cé go rabhamar beag! Bhí ana dhealramh againn lena chéile, agus tá go dtí an lá inniu ... agus tá muid an chóngarach dá cheile an triúr againn, ana chaidreamh idir an triúr againn", a dúirt Tadhg.

Mhínigh Séamus go mbíodh neart cleasanna ag an mbeirt eile, a bhí an-chosúil lena chéile, agus iad óg."Bhí an-spóirt acu sna damhsaí. Bhíodh Tadhg ag damhsa le cailín gleoite, rachadh sé chuig an leithreas, agus thiocfadh Liam chuig an gcailín agus ní bheadh fhios aici gur athraigh siad."

Séamus, Liam agus Tadhg

Bhí teach tábhairne ag a muintir agus bhí ceathrar eile sa chlann, agus bhíodh siad ag obair taobh thiar den chuntar nuair a bhí siad óg.

Cé go raibh iomaíocht eatarthu agus iad ag fás aníos, níor bhain sé sin ón gcaidreamh láidir, mar a mhínigh Tadhg.

"Nuair a thit aon rud amach sa chlann, nó sa pharóiste, sheasamar le chéile i gcónaí. Cé go rabhamar iomaíoch lena chéile, bhí muid ana mhaith chun caint le chéile agus ár dtuairimí a nochtadh ... Bhí cairdeas mór ann riamh. Má thosaíonn tú ag troid le duine amháin, tosaíonn tú ag troid leis an triúr."

Bhí scil ag na deartháireacha ar an bpáirc imeartha, agus tuiscint neamhghnách eatarthu, go háirithe Liam agus Tadhg, mar a mhínigh Séamus do Helen.

"Liam agus Tadhg nuair a bhí siad ag imirt, bhí siad ar an leibhéal céanna, go háirithe nuair a bhí an imirt ar siúl bhíodh fhios ag Liam gach féachaint, bhí sé in ann pas nó cic a thabhairt do Thadhg ... bhí siad telepathic."

Chuaigh an triúr acu le múinteoireacht. Tá Liam ag cur faoi anois sa Bhoirinn i gCo. Chorcaí, tá Tadhg i nDroim Conrach i mBÁC, agus tá Séamus i gCill Dhéagláin i gCo. na Mí.Tá Séamus ar an bpinsean anois, ach tá an bheirt eile fós ina bpríomhoidí scoile.

Mar chríoch, léirigh an triúr a mbuíochas as an saol atá caite acu go dtí seo.

"Tá saol iontach caite againn ... ard sláinte, caidreamh ana mhaith eadrainn féinig,is féidir linn braith ar a chéile... bhí an t-ádh linn le Séan, Diarmuid,Bríd agus Dan (deartháireacha agus deirfiúr) bhíomar i lár an aonaigh agus tugadh an-aitheantas dúinn.Is dócha go rabhadar foighneach mar thugadar ana chabhair dúinn i gcónaí, go speisialta an bheirt is sine. Thuigeadar go raibh rud éigin neamhghnách ann , goraibh triúr istigh i lár an aonaigh agus go rabhadar sásta glacadh linn – I'd say go raibh sé dian orthu siúd uaireanta, agus dian ar an gclann agus dian ar pé duine a bhí inár dteannta."

Craoltar An Saol Ó Dheas ón Luan go hAoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08 agus 1.00