Amárach ar chainéal YouTube TG4, craolfar an chéad chlár den tsraith, Meitheal na mBan. Sraith faoi leith í seo atá ag tiomsú airgid do Women's Aid le teacht i gcabhair leo siúd atá i mbaol.

Sraith de cheolchoirmeacha inspioráideacha agus cumasaithe ar líne is ea Meitheal na mBan a mbeidh ceoltóirí agus aos dána mná den scoth na hÉireann páirteach inti óna gcuid tithe féin, ar mhaithe le hairgead a bhailiú, airgead a bhfuil géarghá leis, do dhaoine atá ag fulaingt de bharr foréigean baile. Tá go leor ban agus a gcuid leanaí i gcontúirt mhór anois in am seo na hanacra. Is mó an baol atá ann do na mná seo san áit is mó ar chóir dóibh a bheith sábháilte - i gcuibhriú ina gcuid tithe féin. 

Féachfaidh roinnt de na ceoltóirí agus amhránaithe mná is mó a bhfuil eolas againn orthu sa tír seo, a raibh an-suim acu cuidiú leis an tseirbhís ríthábhachtach seo, le ceangal fíorúil a dhéanamh leo sin atá thar a bheith leochaileach agus tacú leo ag am seo an ghátair tríd an gceol. Déanfar an tsraith sheachtainiúil seo a chraoladh ar chainéal YouTube TG4 ón gCéadaoin an 20 Bealtaine ag 9.30pm agus leanfaidh sí ar feadh ceithre seachtaine.

Tá Mary Black, Sharon Shannon, Mairéad Ní Mhaonaigh, Muireann Nic Amhlaoibh, Julie Fowlis, Nell Ní Chróinín, Lisa O'Neill, Bronagh Gallagher, Wyvern Lingo, Cliona Hagan, Maria Doyle Kennedy agus Cathy Jordan i measc roinnt de na ceoltóirí a bheidh páirteach sa tsraith. Is í  an file agus láithreoir, Ciara Ní É a chuirfidh an tsraith seo i láthair.

Is féidir síntiúis a thabhairt ar líne ar  www.womensaid.ie/donate nó seol téacs leis an bhfocal ACTION chuig an uimhir 50300 le €4 a thabhairt*

Ba chóir do dhaoine atá ag fulaingt de bharr foréigean baile teagmháil a dhéanamh le Líne Chabhrach Saor in Aisce Náisiúnta 24 uair an chloig Ghrúpa Cúnta na mBan ag an uimhir 1800 341 900.