Labhair duine de bhall den bhanna ceoil,  The Murder Capital, Gabriel Paschal Blake le hÁine Ní Bhreisleáin ar Bhladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin raibh beartaithe ag an ngrúpa, seinm ag Coachella ina measc.

Bhí Gabriel le bheith ag seinm ag Coachella i California i mbliana leis an ghrúpa The Murder Capital. Tá Coachella ar cheann de na féilte ceoil is mó ar an domhain, agus suas le céad míle ag freastal ar achan lá den fhéile.

Deir Gabriel go raibh siad an banna ceoil ag dul ó neart go neart agus iad ar camchuairt i Meiriceá nuair a fuair siad scéal go raibh deireadh á chur le taisteal de bharr Covid-19 agus go raibh sé 'cosúil le deireadh an domhain'.

Cé go ndeir Gabriel go raibh siad croíbhriste deireadh a chur leis na pleananna ar fad ach gurb é an cinneadh ceart filleadh ar Éirinn agus gach rud a chur ar athló, ar feadh tamaill.

Tá Gabriel anois ar ais i dTír Chonaill agus é ag súil go mór le filleadh ar shaol an cheoil nuair is féidir. Aithníonn sé go bhfuil daoine níos tógtha le ceol ná mar a bhí riamh agus iad faoi dhianghlasáil le roinnt ama anuas agus go mbeidh an banna ceoil in ann tógáil air sin nuair a bheidh sé sabháilte gigs a reachtáil arís.

Craoltar Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine óna 3 go dtín'a 5.