Tugann Muireann Nic Amhlaoibh blaiseadh den cheol a bheidh le cloisteáil ar a clár, Malairt Poirt le Muireann ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, i measc a rogha, tá ceol ó Chorca Dhuibhne agus ón tSualainn.

Ar Malairt Poirt na seachtaine seo beidh rian á sheinnt agam ó albam nua Eilín Ní Bheaglaoich ó Bhaile na bPoc – bean í seo go sheasainn sa tsneachta chun éisteacht léi.  Eilín Ní Bheaglaoich agus mo chairde is ainm don dtaifead álainn seo ar a bhfuil mórán amhráin tradisiúnta agus cúpla ceann dá cuid féin chomh maith- mar go mbíonn Eilín ag cuma amhráín - agus ina teannta tá a híníon Síona,veidheadóir claisaceach, agus an seinnteoir giotar Tim Edey Beidh cúpla rian á sheimint agam ins na seachtainí atá romhainn ón dtaifead nua. Seo blaiseadh d'amhránaíocht Eilín ó 1967!

Beidh ceol ón mBriotáin agam ar an gclár an tseachtain seo leis, ina measc amhrán ó Youenn Gwernig  a mhair ó 1925-2006 agus is suimiúl a chlos gur beag tioncair cainiúnt na Fraincíse a bhí ina gcuid amhránaíochta – seo amhrán a chum sé  E Kreiz an Noz a chiallaíonn An Ghaoth san Oíche, amhrán fé shaoirse na Briotáíne is ea é.

Beidh ceol ó mhórán thíortha eile leis againn gan dabht. Is amhránaí Sualannach í Sara Parkman . Is sagart é a hathair agus tá a máthair ina diacon, chomh maith lena seantuismitheoirí. D'fhás sí aníos i Härnösand le ceol eaglaise, ach dhein sí staidear ansin ar cheol comhaimseartha agus a 2017 bronnadh Gradam Ceoltóir na Bliana uirthi ag an Folk and World music Gala agus seo an t-amhrán 2:10 / 4:00

Ing-Maries vals óna a halbam Vesoer a tháínig amach i 2019.

Is breá liom bhur dteachtaireachtaí agus bhur moltaí ceoil, lean ar aghaidh á seoladh isteach chugham le bhur dtoil. Is féidir teacht orm ag info@muireann.ie agus ar Twitter ag @MuireannNic.