Ní fada anois go mbeidh Beo ar Éigean le cloisteáil ar RTÉ Radio One. Tá an podchraoladh iomráiteach ag dul ó neart go neart le tamaill agus tá an triúr, Áine, Sinéad agus Siún réidh le tabhairt faoin dúshlán nua.

Tá Beo ar Éigean, an chéad phodchraoladh Gaeilge ó RTÉ le tosnú ar an 23 Bealtaine ar a hocht istoíche agus beidh na mná ag caint ar chaidrimh, ar chairdeas agus cheangail eatarthu.

Leanfaidh Beo ar Éigean mar phodchraoladh agus tá Áine, Siún agus Sinéad ag súil le cláracha siamsúla, taitneamhacha Gaeilge a chur ar fáil do lucht éisteachta nua ar RTÉ Radio One.