Next Thursday, on TG4 at 9.30p.m Hector is returning to our screens, as only Hector can, with a bang. He'll be speaking with Gráinne Seoige, Michael Healy-Rae and Trevor Brennan about how they've been surviving the pandemic.

Tá cleachtadh againn ar Hector, fear taistil neamheaglach mór le rá na hÉireann, a bheith á dtabhairt ar thurais chuig tíortha i bhfad i gcéin ar fud an domhain ach anois tá sé féin fanta sa bhaile ar nós an chuid eile dínn.

Tá sé tuirseach de bheith ag péinteáil an tí, ag gearradh an fhéir, ag déanamh dinnéar agus ag breathnú ar an teilifís agus tá sé socraithe aige stiúideo a dhéanamh dá sheid sa ghairdín agus leas a bhaint as sin chun daoine a chur ag gáire agus ábhar spraoi a thabhairt do mhuintir na hÉireann.

Sraith 6 chlár uair an chloig í 'Hector Anseo' a dhéanfaidh an cuibhriú níos éasca dúinn. Cuirfear tús leis na cláir agus Hector ag caint le muintir na tíre óna sheid agus tabharfaidh sé ábhar misnigh do na daoine, molfaidh sé na bealaí atá aimsithe acu le teacht tríd seo agus, tá súil againn, go mbeidh sé ina laoch misnigh againn ar fad nuair a bheidh seisean, agus muid uilig scaoilte ón gcuibhriú seo.

Is iad na haíonna a bheidh i dteannta Hector sa chéad chlár ná Michael Healy Rae, Gráinne Seoige ón Afraic Theas, Trevor Brennan - iar-imreoir rugbaí le Cúige Laighean agus Toulouse, a bhfuil teach tábhairne anois aige, beo as

Toulouse, Dan Shanahan - Iar-imreoir iomána agus All-Star le Port Láirge, Conor Moore – Aithriseoir Gailf agus Gavin James - Amhránaí agus Scríbhneoir Amhrán a bhfuil Gradaim buaite aige.

Beidh aíonna ó dhomhan an cheoil, an spóirt agus an chultúir chomh maith le pearsaí mór le rá eile ar an gclár agus cuimseoidh Hector gach rud eile a bhaineann linne mar Ghaeil mar gur daoine siamsúil, spóirtiúil, géimiúil agus gnaíúil muid.

Smaoineamh nua agus mealltach atá sa tsraith seo a chuirfidh deireadh leis an lagmhisneach. Tabharfaidh Hector misneach, dóchas agus spreagadh dúinn uilig gach seachtain. Agus tabharfaidh sé cúnamh dúinn an t-athrú ón gCuibhriú go dtí saol a bhfuil athrú mór air a dhéanamh.

Hector Anseo starts next Thursday, on TG4 at 9.30p.m