Tugann Muireann Nic Amhlaoibh spléachadh dúinn ar a clár ceoil, Malairt Poirt le Muireann ar RTÉ Raidió na Gaeltachta oíche Shathairn óna 7.

Ar Malairt Poirt na seachtaine seo beidh cúpla rian á sheimint agam ó alban úr na Sí Fiddlers - grúpa de thriúr veidhleadóir ban déag a sheinnean ceol Dhún na nGall, ina measc tá Máiréad Ní Mhaonaigh, Liz Doherty, Tara Connahan agus Bríd Harper agus is cumhtach an ceol a sheinnean siad ar fad le chéile – leis an glór aithinte Connalach sin. Is féidir blaiseadh a fáil don albam anseo ar leathanach Bandcamp leo, agus molam go hard é.

Agus ós ag caint ar mhná atáimid, bhí Mairéad Ní Mhaonaigh ón ngrúpa Sí Fiddlers, agus gan dabht ón ngrúpa mór le rá Altan, bainteach le rian nua eile a bheidh ar an gclár agam.

Seo an t-amhrán Mná na hÉireann - a thaifeadadh ar son Women's Aid do mhná agus leanaí nach bhfuil slán ina tdigh fhéinigh fé láthair agus géar gá acu le cabhair. Sí an t-amhránaí spreagúil Gráinne Holland a smaoinigh ar an dtogra iontach seo agus tá geang mór amhránaithe ag canadh ar an rian- Mairéad Ní Mhaonaigh, Riona Ní Mhadagáin, Teresa Horgan Ríoghnach Connolly, Wallis Bird, Eilís Ní Chinnéíde, Gráinne Holland, Máire Ní Choilm, Ciara McCrickard, Niamh Varian-Barry, Síle Denvir, Pauline Scanlon, Bernie Pháid, Niamh Dunne, Méabh Ní Bheaglaoich agus mé fhéin – le tionlachan iontach ón gcláirseoir Albanach Ailie Robertson.

Más mian libh is féidir airgead a thabhairt do Women’s Aid ón nasc atá thíos fén bhfíseán.

We need your consent to load this YouTube contentWe use YouTube to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Anuas ar sin beidh meascán agam ó i bhfad i gcéin, mar is gnáth. Ina measc beidh an grúpa seo An Emsemble Tiblisi ón tSeoirse – grúpa d'amhránaithe fear a channan sa stíl traidisiúnta polafónach. Tá sé ana chosúil le amhránaíocht na Bulgáire a bhíonn go minic ar an gclár agam, cé gur mná den gcuid is mó a bhíonn sna córanna acu sin.

We need your consent to load this YouTube contentWe use YouTube to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

É sin ar fad, agus a thuilleadh nach é ar Malairt Poirt le Muireann, dé Sathairn beag seo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta óna 7-9pm.