Ar Malairt Poirt na seachtaine seo, beidh mé ag seimint cúpla rian ó mhór-albaim na seachtóidí – agus táim fé thionchar an nádúir chomh maith atá ag bláthú mór thimpeall orm.

Mar sin, ba oiriúnach an rian é seo chun tús a chur leis an gclár – The Bothy Band  le An Peidhleacán, agus ualach pedhleacáin le feiscint timpeall na háite, n'fhaca an oiread acu ó bhíos im’ leanbh, n’fheadar bhfuil aon bhaint aige leis an laghdú triúilliú fé láthair, pé scéal é is álainn iad a fheiscint – tagann an rian seo ón albam After Hours – Beo i bPáras a tháínig amach i 1979.

Píosa eile bainteach leis an nádúr na An Fhuiseog sa Ghléigealspéir atá ar eolas ag mhórán de mhuintir na hÉireann de bharr do a bheith mar cheol téama do chlár maidin Dhomhnaigh – Mo Cheol Thú - le Ciarán Mac Mathúna ar Raidió 1 fadó. Tá cuimhní iontach a théann leis an rian allabhrach seo.

Agus arís, a thuilleadh ceoil nua á taifead ag daoine le linn a neadú, seo an seinnteoir giotár Cillian Doheny as Luimneach atá sna grúpaí Moxie agus Atlas. Tá cumas ceoil dochreidte aige, maraon le cumas teicmeolaíochta mar go raibh sé in áin an rian seo a thaifead ó bhaile don Ríl The Humours of Ballyloughin agus é ag tabhairt tionlacan do fhéín – ceol thar na bearta – éist le seo.

É sin is mórán eile ar Malairt Poirt an Satharn beag seo óna 7-9pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tagaíg ar aistear cheoil liom.