Gach lá, ar feadh seachtaine, beidh scéal againn ó naíonra Bhréanainn i gCorca Dhuibhne. Inniu, insíonn Bríd Criomhthain scéal An Tornapa Mór!

Tá Naíonra Bhréanainn lonnaithe ar an bhFeothanaigh, i gcroílár Gaeltacht Chorca Dhuibhne agus é ar an bhfód le fada an lá faoi stiúir Bríd Criomhthain agus Maria Uí hUallacháin le tacaíocht ó Chaitríona Ní Bheaglaoí, Jenny de Nógla agus Mary Uí Chiobháin.

Dúnadh an Naíonra i lár mí Márta faoi mar a dúnadh gach Naíonra agus Scoil sa tír. Ní raibh fhios ag éinne ag an am cén uair a fheicimis a chéile arís. Chuaigh fiche haon leanbh abhaile an lá sin gan aon chinnteacht ann faoi cén uair a thiocfaí le chéile amach anseo.

In imeacht na haimsire, bhí sé soiléir go mbeadh na socruithe seo i bhfeidhm i bhfad níos faide ná mar a bhí ceaptha an chéad lá. Chuige sin, bheartaigh Bríd cúpla rud a dhéanamh le déanamh cinnte de go raibh gach duine in ann fanacht i dteagmháil lena chéile in ainneoin iad a bheith scartha amach óna chéile.

Cruthaíodh grúpa 'WhatsApp' do na tuismitheoirí sa Naíonra. Tríd an córas seo bhí Bríd in ann teachtaireachtaí a sheoladh dtí na leanaí ag meabhrú dóibh go rabhthas ag smaoineamh orthu, ag súil go rabhadar go maith sa bhaile agus ag meabhrú dóibh faoi roinnt imeachtaí tábhachtacha a bhí ag teacht aníos, mar shampla cárta deas a dhéanamh do Mamaí do 'Lá na Máthar' agus breithlaethanta a bhí le teacht agus is as sin a d’fhás an scéalaíocht do na leanaí.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Chuir an chéad scéal ‘An Tornapa Mór’ ríméad agus áthas ar na leanaí agus iad ag féachaint isteach i bhfóin soghluaiste a dtuismitheoirí ar Bhríd ag aithris ‘An Scéal ón Naíonra’ mar a thugadar féin ar. Bhí leanaí ag iarraidh labhairt léi agus í ag scéalaíocht leo, leanaí eile ag aithris an scéal ar ais dtí na tuismitheoirí agus leanaí eile agus miongháire ar a n-aghaidh ag baint an oiread san sásamh as Bríd a fheiscint arís.

In aimsir na géarchéime seo caithfear iarracht a dhéanamh fanacht i dteagmháil agus tacaíocht agus misneach a thabhairt dá chéile. Sin atá á dhéanamh ag Bríd agus Naíonra Bhréanainn ní amháin don fiche haon leanbh a fhreastalaíonn ar ach dá tuismitheoirí chomh maith.