Labhair Cian Mac Cárthaigh, Léiritheoir Home School Hub de chuid Macalla Teo le Fachtna Ó Drisceoil ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina bhfuil beartaithe don scoil ar líne atá ag tosú inniu ag 11am ar RTÉ 2.

Deir Mac Cárthaigh gur iarracht é an Home School Hub le cabhrú le tuismitheoirí atá faoi bhrú i láthair na huaire agus iad ag iarraidh oideachas a chur ar a gcuid páistí sa bhaile.

Ní lá iomlán scoile atá i gceist leis an gclár ach uair a chloig ar maidin ina gcuirfear scolaíocht ar fáil agus ansin clár breise tráthnóna ina mbeidh físeáin uathu siúd atá ag foghlaim ón gclár, le 'comhrá' a thosnú.

Triúr múinteoirí cáilithe a chuirfidh an clár i láthair, Clíona Ní Chiosáin, Ray Cuddihy agus John Sharpson agus beidh siad ag díriú ar aoisghrúpaí éagsúla le linn an chláir, a bheidh dátheangach.

John Sharpson, Clíona Ní Chiosáin agus Ray Cuddihy

Leis an gclár tráthnóna a líonadh le spraoi agus ábhar idirghníomhach, iarrann Macalla oraibhse sa bhaile físeáin a chur chucu le bheith ar an teilifís ach na treoracha seo a leanúint.

Craoltar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine óna 5 go dtí'na 6.