Maireann muid i dtréimhse atá míshocair agus neamhghnách, ar go leor bealaí. Tá iarracht á dhéanamh againn fanacht amach óna chéile mar a mhol na hÚdaráis dúinn. Tá daoine áirithe ag déanamh a ndícheall ar líne chun an nasc daonna sin a choinneáil slán.

Dár ndóigh, níl na scoileanna ag obair mar a bhí agus tá tuismitheoirí ag streachailt le hoideachas agus siamsaíocht a chur ar fáil dá gcuid páistí. Tá an teach foilsitheoireachta, Futa Fata beo ar Facebook agus Instagram gach maidin ag a 11 chun leabhar i nGaeilge a léamh.

Má tá fuinneamh le dó agatsa nó ag do pháistí, b'fhiú go mór triail a bhaint as dúshláin an pheileadóra, Ciarán Kilkenny. Tá sé ag impí ar dhaoine scileanna nua a fhoghlaim agus cur lena gcumas aclaíochta ina theannta, go laethúil!

Deirtear go gcothaíonn an ceol anam na ndaoine agus tá ceoltóirí na hÉireann ag seasamh linn, ag casadh ceoil ar mhaithe lena gcuid éisteoirí ar ardáin éagsúla. I measc na n-ealaíontóirí a sheas amach dúinn, tá Liam Ó Maonlaí, Colm Mac Con Iomaire agus Inni-k.