Tá cruthaithe ag foireann Bhladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gur féidir clár iomlán raidió a chraoladh ón mbaile, fé mar a rinne siad an tseachtain seo!

Is i stiúideo Dhoirí Beaga atá léiritheoir an chláir, Damien Ó Dónaill agus is ina seomra suí, sa bhaile atá an láithreoir Áine Ní Bhreisleáin le míreanna ó thimpeall an domhain!

Ar éirigh leo é a dhéanamh? Cinnte! Is féidir leat éisteacht leis an gclár ón lá inné anseo.

Craoltar Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine 3 go 5.