Labhair Cecilia Ní Choileáin & Seán Ó hAdmhaill le Fachtna Ó Drisceoil ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, beirt a bhfuil sé ar intinn acu na meáin shóisialta a chaitheamh in aer don Charghas.

Tá láithreoir an chláir, Fachtna Ó Drisceoil ag éirí as Facebook agus Twitter don Charghas agus d'iarr sé an mbeadh éisteoirí an chláir sásta an dúshlán a thógáil leis, rud atá déanta ag Cecilia agus Seán.

Fachtna Ó Drisceoil, láithreoir Tús Áite

D'admhaigh an bheirt go bhfuil barraíocht ama á chaitheamh acu ar na meáin shóisialta agus tá sin tugtha faoi deara ag a gcairde agus a gclann. Beidh le feiceáil an mbeidh fiúntas leis an sos a thógfaidh an triúr acu!

Craoltar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine óna 5 go dtín'a 6.