Labhair Méabh Ní Bheaglaoích le Dara Ó Cinnéide ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin gceol nua atá á thaifead aici chomh maith le tábhacht an chroí sa phróiséas cruthaitheachta.

Bhí Méabh páirteach i gcomórtas an Phancheilteach a bhí ar siúl i gCeatharlach le déanaí ag casadh amhrán a chum sí dá muintir, Litir Ó Leanbh. Deir sí gur amhrán é a chuimhníonn siar ar a hóige agus í sa gcairt lena deartháireacha agus a hathair, ag lorg coiníní. 

Ag caint ar phróiséas chumadh amhrán, deir Méabh go dtuigeann sí anois gurb é sin foinse a cuid sonais agus cé go mbíonn imní ag baint le píosa ealaíne a chur os comhair an phobail, gurbh fhearr léi gan géilleadh don bhuairt sin mar nach dtagann aon chruthaitheacht as an ngéilleadh sin, mar atá foghlamtha aici.  

Deir Ní Bheaglaoích go gcabhraíonn an tacaíocht óna muintir go mór lena misneach agus í ag iarraidh ceol nua a chumadh dá dlúthchéirnín féin. Amhráin nua-chumtha a bhformhór a bheidh le clos ar an dlúthchéirnín seo chomh maith le cúpla amhrán traidisiúnta a thiocfaidh amach sa tsamhradh. 

Thagair Méabh don tábhacht a bhaineann le 'dul leis an gcroí' tar éis di neart 'féinmheasúnú' a dhéanamh le tamaill anuas. 

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta óna 12.08 go dtí 1.00 ón Luan go hAoine.