Labhair duine d'ambasadóirí de Sheachtain na Gaeilge, an láithreoir, Gráinne Mc Elwain le hÁine Ní Bhreisleáin ar Bhladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina ról agus faoina cúlra. 

Is as Muineachán do Ghráinne ó dhúchas agus deir sí go raibh an cheangail i gcónaí láidir leis an gcultúr sa cheantar sin ach nuair a chuaigh sí ar cuairt go Gaeltacht Thír Chonaill 'd'oscail sé domhan eile' di.  Cé go bhfuil Gráinne ag cur fuithí i gConamara anois, deir sí gur aoibhinn léi dul abhaile.

Labhair Mc Elwain faoin ngrá atá aici don teanga, faoi luach na hoidhreachta agus an bród a mhothaíonn sí i dtreo ár gcultúr. Múinteoir a bhí in Gráinne go dtí gur thóg sí an cinneadh an ghairm sin a fhágáil ina diaidh agus triail a bhaint as gnó na meán. 

Tá obair mhór déanta ag Gráinne ar go leor cláracha teilifíse, idir spórt, ceol agus cúrsaí cultúrtha agus is í an Ghaeilge an rud comónta agus deir sí gur mhaith léi a léiriú do dhaoine go bhfuil an teanga ina buntáiste breise di agus dúinn ar fad.

Craoltar Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine idir 3 agus 5