Labhair Diamuid Lyng, iar-imreoir iomána le Loch Garman le hÁine Ní Bhreisleáin ar Bhladhaire faoin athrú a rinne sé ina shaol le bheith níos gaire d'fhiántas na tíre.

Is i gCorca Dhuibhne atá Diarmuid Lyng lonnaithe anois agus is ag eagrú sosanna do dhaoine gnóthacha a dteastaíonn ceangail níos láidre a chothú leis an anam atá sé. I measc na ngníomhaíochtaí atá ar an liosta dóibh siúd a fhreastalaíonn ar an díseart seo, tá athbheochan ar do chuid Gaeilge, íóga, ceol, filíocht, am amuigh faoin aer agus iománaíocht.

Molann Lyng do dhaoine glacadh leis an bhfiántas atá iontu, fáilte a chur roimhe, seachas é a chur ó dhoras d'intinne. Deir sé go bhfuil an spás sin 'fíorluachmhar don aigne', óna thaithí féin.

Ag caint ar na nithe éagsúla a bhíonn i gceist mar chuid de na himeachtaí a eagraíonn sé, luann se dúshlán an dorchadais, áit a dtagann nithe chun cinn nach ndeachaigh siad i ngleic leo, b'fhéidir. Dóibh siúd a thumann iad féin sa nádúr, deir Lyng go dtagann 'fuinneamh, breá, láidir astu'.

Diarmuid Lyng

Tugann an tréimhse seo atá lonnaithe sa Ghaeltacht seans do dhaoine an nasc idir an Ghaeilge agus an nádúr a cheangail le chéile, 'seo an deis', arsa Lyng. 

Má tá breis eolais uait ar an imeacht seo, féach anseo

Craoltar Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine idir 3 agus 5.