Labhair Tadhg Ó Dushláine le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi na hamhráin ghrá agus a raibh iontu.

Saineolaí é Tadhg Ó Dúshláine ar chúrsaí filíochta na Gaeilge agus é ag caint ar an ngrá, deir sé gur ag na filí is fearr a bhí sé acu cur síos ar rud atá beagnach dodhéanta cur síos a dhéanamh air. Thagair Tadhg d'fhilí móra ár linne agus na blianta a caitheadh agus an dua a bhain le filíocht a chumadh bunaithe ar ghrá, idir an taobh poiblí agus an taobh príobháideach. 

Ag caint ar an ngrá a fhágann muid 'gan bhrí', deir an Dr Uí Dhúshláine gurb é 'an chroí a bhuann' toisc nach bhfuil aon réasún leis.

Léigh Tadhg roinnt dánta a thaitin leis faoin ngrá, cinn a léiríonn go gcuireann filíocht 'an toise breise leis an ngnáthshaol'. Nuair a thiteann beirt i ngrá, 'a mhúsclaíonn an dílseacht dochreidte sin idir an bheirt', deir sé go bhféadfaidís aon ní a shárú, le chéile.

Roghnaigh Tadhg dánta ó Nuala Ní Dhomhnaill, Colm Breathnach agus eile a léiríonn neart fhilíocht na Gaeilge atá níos fearr ag cur síos ar ghrá ná mar atá filíocht i mBéarla atá 'teoranta', dar le Ó Dúshláine. Tá an fhilíocht ghrá i mBéarla 'róbhog' nó 'graosta', gan dealramh- ach éiríonn le filí na Gaeilge mar go bhfuil an saibhreas sa teanga féin.

Deir  Tadhg gurb é mistéir na beatha, conas is féidir an grá 'a aclú, a mhúnlú agus gan ligint dó tu a smachtú', ach go bhfuil muid 'claonta i dtreo na maitheasa', go ginearálta.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08 agus 1.00 Luan go hAoine.