Labhair Peter agus Theresa Ó Miacháin as Machaire Rabhartaigh, i dTír Chonaill le Áine Ní Churráin ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin saol atá caite acu le chéile agus a gclann mhór, 14 páiste!

Rinne an lánúin an seasca bliain dá bpósadh a cheiliúradh i nDún na nGall i measc a gcairde agus a gclann. Labhair Áine le gach uile dhuine de chlann na beirte faoi a bheith fás aníos i dteach lán le 14 páiste! 

Bhuail an bheirt le chéile nuair a bhí siad sna déaga agus deir siad go raibh mí na meala acu i nDún Éideann. Deir Theresa gur 'obair chrua' a bhí in tógáil clainne a bhí chomh mór sin ach nár thug sí mórán ceann dó ag an am ach ag féachaint siar go n-aithníonn sí an dúthracht a bhain leis.

Tá cuid de chlann Theresa agus Peter ina gcónaí gar dóibh in Machaire Rabhartaigh ach cuid eile acu níos faide i gcéin, beirt in Nua Eabhrac, duine in Londain, duine ar oileán Thoraí agus in Leitir Ceanainn.

Áine Ní Churráin

Léiríonn gásúir na beirte éagsúlacht an tsaoil, cuid acu ag obair le daoine óga, cuid eile acu ag obair le hobair thógála. 

Deir Theresa gurb í an té is óige a bhí millte agus go raibh 'am amuigh' aici mar go raibh daoine ag tabhairt aire di. 

Craoltar Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine 11 go 12 Luan go hAoine