Labhair Irene Ní Nualláin, tuairisceoir de chuid Nuacht RTÉ/TG4 le páirtí an Taoisigh, Leo Varadkar, An Dochtúir Matt Barrett ag comhaireamh na vótaí ag an deireadh seachtaine faoina chúlra leis an nGaeilge.

Deir Matt go bhfuil sé féin agus an Taoiseach cosúil le go leor Éireannach eile, go mbaineann siad úsáid as an nGaeilge mar theanga rúnda agus iad thar lear agus ag caint faoi dhaoine timpeall orthu. Admhaíonn sé go bhfuil Leo 'ag feabhsú go mór' ina chuid Gaeilge agus nach raibh mórán aige ag tús ach nuair a bhí sé ag dul do phost an Taoisigh, gur thuig sé go raibh tábhacht faoi ag baint leis an teanga a bheith ar a thoil aige.