Labhair Simon Ó Cróinín, beachadóir le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas mar gheall ar an gceird, ar an timpeallacht agus mar gheall ar an gcaint a dhéanfaidh sé faoi bheachadóireacht ag Féile Imbolc ag an deireadh seachtaine i mBaile Mhúirne.

Tá Simon ag obair le beacha le blianta fada agus deir sé nach bhféadfaí a shéanadh ach go bhfuil damáiste ollmhór déanta don timpeallacht le tamaill de bhlianta anuas. Tá leabhar foilsithe ag Simon mar gheall ar na beacha, saothar a bhfuil sé ag obair air le breis agus scór bliain. 

Ag caint ar an dúlra, deir sé go bhfuil 'tubaisteach', ní hamháin do na beacha ach d'fheithidí go ginearálta agus go bhfuil tionchar ar ainmhithe agus go bhfuil ar nós an ghráinneog, an ghiorria, an chearc uisce, agus an frog 'nach mór imithe' agus go bhfuil an sionnach imithe chuig an mbaile mór le bia a fháil dó féin.

Ní ar an feirmeoirí a chuireann Simon an locht, mar ní eolaithe iad sin agus lean siad sin na treoracha a tugadh dóibh ag an am, rud nach ndeachaigh chun socair na talún, ach a mhalairt a deir sé.

Ag caint ar réiteach na bhfadhbanna, deir sé nach bhfuil 'na freagraí uilig' aige ach go bhfuil fhios aige gur féidir nadúshlain seo a chur ina cheart, má thagann treoir ón rialtas.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08 agus 1.00