Is ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a chur an ceoltóir, amhránaí agus láithreoir, Muireann Nic Amhlaoibh a ceol nua amach sa saol mór don chéad uair.

Beidh dlúthdhiosca nua, dar teideal, Thar Toinn, de chuid an amhránaí Dhuibhnigh á sheoladh ag Scoil Cheoil an Earraigh i gCorca Dhuibhne go luath sula dtugann sí faoi thuras timpeall na tíre.

Labhair Muireann faoin gceangail atá aici leis an bhfarraige agus í ag cur dlúthdhiosca nua amach, idir cheol na farraige agus an nós atá aici a bheith ag snámh sa mhuir le linn na bliana. Deir Muireann gurb í an fharraige mar 'téama leanúnach' san albam nua seo, i measc na dtraiceanna atá air, tá Port na bPúcaí chomh maith le hamhrán bunaithe ar dhán de chuid an fhile, Danny Sheehy, nach maireann, Faoiseamh Faoistíne.

Is í Helen Ní Shé, láithreoir, An Saol Ó Dheas a sheolfaidh an dlúthdhiosca Dé Domhnaigh seo chugainn, ag Scoil Cheoil an Earraigh, i mBaile An Fhéirtéaraigh. 

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta 12.08-1.00 ón Luan go hAoine