Labhair Jillian O' Malley le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin bua ag comórtas Bonn Óir Seán Ó Riada an deireadh seachtaine i gCorcaigh.

Deir Jillian gur fhoghlaim sí a cuid ceoil ar dtús ó Noel Kilkenny agus ansin ó fhliúiteadóirí Chúige Chonnacht agus go raibh tionchar mór ag an tréimhse a chaith sí i gConamara ar a cuid ceoil ina dhiaidh sin.

Jillian O'Malley agus Peadar Ó Riada

Is i gContae an Chláir atá Jillian anois agus í ag seinim ceoil go minic in Inis chomh maith le háiteanna timpeall an chontae cheolmhar. 

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08 agus 1.00 ón Luan go hAoine