Labhair Eoin Mc Evoy le hÁine Ní Bhreisleáin ar Bhladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi Aerach, Aiteach, Gaelach a bheidh ar siúl in Amharclann na Mainisteach an mhí seo.

Deir Eoin gur eascair Aerach, Aiteach, Gaelach as an ócáid cheiliúrtha, Bród a reachtáltar i gClub Chonradh na Gaeilge i mí an Mheithimh. Tá deis anois ag ealaíontóirí de gach cineál teacht le chéile le 'tús' a chur le pleananna do Bhród na bliana seo. 

Cuireann Eoin agus an file, Ciara Ní É atá i mbun an tionscnaimh seo fáilte roimh dhaoine ó phobal LADT+ ó cheann ceann na tíre le bheith ag comhoibriú leo. Is deis é seo do 'ghrúpaí mionlaithe' a nguthanna a úsáid ar stáitse, áit nach bhfaigheann siad mórán de dheis, go minic.

Ciara Ní É

Labhair Eoin faoi thábhacht an spáis dóibh siúd atá páirteach sa phobal LADT+ agus go mbeidh deis ag daoine atá thar lear a bheith páirteach ar líne sa tionscnamh spreagúil.

Craoltar Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 3 agus 5 Déardaoin agus Dé hAoine