Is í Jillian O'Malley ó Chluain Cearbháin i gContae Mhaigh Eo a thug léi Bonn Óir Seán Ó Riada oíche Dé hAoine i gCorcaigh.

Bhí Jillian ar dhuine de chúig iomaitheoir déag sa chraobh don Bhonn Óir, a craoladh beo ar an gclár Cuireadh chun Ceoil le Peadar Ó Riada ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Thosaigh Jillian ag seinm an fheadóg stáin nuair a bhí sí cúig bliana d’aois, uirlis a bhfuil an-mheas aici air i gcónaí, agus go measann sí go ndéantar neamhaird dó go minic.  Tá gradaim éagsúla buaite aici síos trí na blianta, ina measc Craobh na hÉireann ag Fleadh Cheoil na hÉireann ar an bhfeadóg mhór agus ar an bhfeadóg stáin sna foinn mhalla.

Tá baint mhór aici le Féile Chois Cuain, féile cheoil bhliantúil a bhíonn ar siúl ina baile dúchais.  Chomh maith leis an gceol traidisiúnta, tá sí ag foghlaim sacsafóin!

Jillian O' Malley, buateoir Bonn Seán Ó Riada le Peadar Ó Riada

Is saor-aistritheoir í Jillian, agus tá cónaí uirthi faoi láthair i gCorca Chaitlín i gCo. an Chláir.  Roimhe sin, caith sí tréimhse ina cónaí i gConamara, ag obair don chomhlacht Europus ar an gCeathrú Rua. Beidh sí ag bogadh chun na Bruiséile i mí Aibreáin chun post nua a thosú ansin le rannóg an aistriúcháin.

Ba iad Michael Tubridy, Mary Bergin agus Gary Hastings a bhí i mbun moltóireachta ar an gcomórtas, agus dúirt siad go raibh siad ar aon intinn maidir leis an mbuaiteoir.

"Ba léir gur tháinig an ceol go nádúrtha le Jillian, bhí sé fuinniúil agus bríomhar, agus bhí sé le feiceáil, fresin, go raibh sí féin ag baint an-taitneamh as a bheith ag seinm dúinn."

Dúirt Jillian go raibh áthas an domhain uirthi an duais a thabhairt léi.

"Tá ríméad orm go bhfuair mé deis an stáitse a roinnt le scoth na gceoltóirí agus mo chuid ceoil a chur i láthair ar ardán náisiúnta.  Is mór an onóir dom an gradam seo a fháil, oíche fíor-speisialta a bhí anseo domsa go pearsanta."

Bronnadh Bonn Óir Seán Ó Riada agus €2500 ar Jillian ag an ócáid a craoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Is iad Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Gael Linn, Iontaobhas Fódhla, IMRO agus Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh na hurraitheoirí eile ar an gcomórtas.

Éist siar leis an gcomórtas anseo