Labhair Bibi Baskin le hÁine Ní Bhreisleáin ar Bhladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina saol ag obair mar chraoltóir, bogadh go dtí an Ind agus an tábhacht atá le glacadh le hathrú sa saol.

Deir Bibi go bhfuil blianta ann ó bhí sí ag láithriú ar RTÉ go n-aithnítear a glór go fóill agus í in Éirinn. Rugadh agus tógadh Bibi i dTír Chonaill agus tá sí den tuairim go bhfuil sí fós sásta ina comhluadar féin mar go bhfuil taithí aici ar am a chaitheamh ina haonair ó bhí sí ina páiste. Chaith sí a cuid ama ag seinim an phianó agus ag léamh leabhar, mar chaitheamh aimsirí. Tá Bibi den tuairim nach mbíonn tú ariamh leat féin más duine thú a chaitheann go leor ama ag léamh nó ag seinim ceoil. 

Scríbhneoir anois atá in Bibi Baskin, í ag scríobh leabhar agus ag cur cúrsaí aireachais ar fáil freisin. Tá a céad phíosa scríofa aici do Sunday Miscellany ar RTÉ Radio One (éist anseo!) faoina taithí san Ind.

Áine Ní Bhreisleáin

Labhair Bibi faoin misneach a bhí aici litir a chur go RTÉ agus post a lorg, post a fuair sí ag déanamh achoimre ar na nuachtáin go dtí go bhfuair sí a clár féin, an chéad chlár á láithrigh bean ar RTÉ ag an am. Deir sí nár thug sí faoi deara gur rud ceannródach a bhí ann mar go raibh sí ag díriú ar an obair 'Níor rith sé sin liom'.

D'fhan sí in RTÉ ar feadh píosa ach ansin chinn sí go rachadh sí chomh fada leis an Ind ar laethanta saoire agus is ann a d'fhan sí ar feadh cúig bliana d'éag. Tháinig Bibi ar sláinte Ayurveda, rud a thugann an croí, an t-anam agus an corp ar fad le chéile. 

Ag caint ar athrú saoil, rud a bhfuil dúil ag Bibi ann, deir sí go bhfuil sí den tuairim gur féidir le héinne a saol a athrú, más mian leo ach an misneach a bheith acu. 

Craoltar Bladhaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine idir 3 agus 5