Beidh clúdach cuimsitheach ar thorthaí an Olltoghcháin le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ag tosú maidin Dé Domhnaigh ag 9 am agus ag leanacht go dtí oíche Dé Luain ag 9 pm.

Is iad Máirín Ní Ghadhra agus Gormfhlaith Ní Thuairisg a chuirfidh an clár Lá an Chomhairimh i láthair ó 9 am Dé Domhnaigh.  Beidh painéal sa stiúideo acu, agus beidh tallies, torthaí, tuar agus anailís ghrinn le cloisteáil ar an gclár, a leanfaidh ar feadh an lae go dtí meánoíche.  

Cuirfear tús leis an gclúdach maidin Dé Luain ag 7 am leis an gclár Adhmhaidin, agus is iad Gormfhlaith Ní Thuairisg, Máirín Ní Ghadhra agus Cormac Ó hEadhra na láithreoirí a bheidh ar an stiúir i rith an lae.

Beidh 25 iriseoir de chuid na seirbhíse ar dualgas sna hionaid chomhairimh ar fud na tíre, agus coinneoidh siad eolas leis an bpainéal sa stiúideo i gCasla.  Tabharfaidh siad léamh dúinn ar na torthaí, agus tuiscint ar na cúinsí áitiúla i ngach toghcheantar ar cheart a chur san áireamh san anailís.

Seomra Stiúrtha RnaG

Orthu siúd a bheidh ar an bpainéal do na cláracha olltoghcháin, beidh an saineolaí staitisticí Donncha Ó hÉallaithe, an t-iriseoir Áine Ní Chiaráin, an t-iar Fheisire Eorpach Seán Ó Neachtain, an staraí agus an tráchtaire polaitiúil Cormac Ó Comhraí, an tráchtaire polaitíochta Eoin Ó Catháin, an t-iriseoir Cathal Mac Coille, an ceardchumannaí Aoife Ní Shúilleabháin, an t-iar Sheanadóir Joe O'Toole, an staraí Gearóid Ó Tuathaigh, an tráchtaire ar ghnóthaí na hEorpa Lisa Nic an Bhreithimh, an t-iar aire rialtais Pat Carey agus Niall Ó Dochartaigh, Ollamh le Polaitíocht OÉG.  

Beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag coinneáil eolais leis an bpobal ar na meáin shóisialta i gcaitheamh an lae Dé Domhnaigh agus Dé Luain freisin.  

Beidh siad ar an gcóras giolcaireachta Twitter @RTERnaG agus an haischlib #togh2020 in úsáid acu.  Beidh na leathanaigh teailí uilig, agus físeáin agus pictiúirí, le fáil ar leathanach Facebook an stáisiúin, agus beidh neart ábhar ar Instagram freisin.

Beidh Lá an Chomhairimh ar an aer Dé Domhnaigh ó 9 am, agus as sin ar feadh an lae Dé Domhnaigh, agus Dé Luain, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.